We’ve updated our Terms of Use to reflect our new entity name and address. You can review the changes here.
We’ve updated our Terms of Use. You can review the changes here.

Anuas

by Seo Linn

/
  • Streaming + Download

    Includes unlimited streaming via the free Bandcamp app, plus high-quality download in MP3, FLAC and more.
    Purchasable with gift card

      $7 USD  or more

     

1.
Cailleach an Airgid ‘Sí do mhaimeo í, sí do mhaimeo í, ‘Sí do mhaimeo í, cailleach an airgid ‘Sí do mhaimeo í, ó bhail’ Iorrais Mhóir í Is chuirfeadh sí cóistí ar bhóithrí Chois Fharraige. ‘S an measann tú an bpósfaidh? Measann tú an bpósfaidh? Measann tú an bpósfaidh cailleach an airgid? Tá a fhios 'am nach bpósfaidh, tá sé ró-óg (di) Tá sé ina réic agus d’ólfadh sé an t-airgead. ‘Sí do mhaimeo í, sí do mhaimeo í, ‘Sí do mhaimeo í, cailleach an airgid ‘Sí do mhaimeo í, ó bhail’ Iorrais Mhóir í Is chuirfeadh sícóistí ar bhóithrí Chois Fharraige. ‘S dhá bhfeicfeá-sa an steam ‘gabháil siar Toin Uí Fhloinn ‘S na rothaí ‘gabháil timpeall siar ó na ceathrúnaí Dhá gcorrófá an stiúir naoi n-uaire ar a cúl Ní choinneodh sí siúl le cailleach an airgid. ‘Sí do mhaimeo í, sí do mhaimeo í, ‘Sí do mhaimeo í, cailleach an airgid ‘Sí do mhaimeo í, ó bhail’ Iorrais Mhóir í Is chuirfeadh sí cóistí ar bhóithrí Chois Fharraige. Píosa cainte Is goirid go bpósfaidh, is goirid go bpósfaidh Is goirid go bpósfaidh beirt ar an mbaile seo Is goirid go bpósfaidh, is goirid go bpósfaidh ‘S iad Tom Mhicil Mhóir agus Máire Ní Chathasaigh.
2.
Fionnghuala 03:42
Fionnghuala ‘S é oileán na mbothán, na mbothán Oileán na mbothán, na mbothán Oileán na mbothán, na mbothán An bothán ‘ bhí ag Fionnghuala Dúirt an gabha feithfidh mé Dúit an gabha fanfaidh Dúirt an gabha leis an dalbh ’ bhí air ag doras an sciobóil Go ngabhfadh sé ag cúirtéireacht ‘S é oileán na mbothán, na mbothán Oileán na mbothán, na mbothán Oileán na mbothán, na mbothán An bothán ‘ bhí ag Fionnghuala Dhéanfadh mé brus as na faolánaibh Dhéanfadh mé brus as na mangachaíbh Diúilicíní beaga na mara Ghlacfadh sé tamall an tarraingt Dhá gcoinneodh na líntí dhúinn ‘S é oileán na mbothán, na mbothán Oileán na mbothán, na mbothán Oileán na mbothán, na mbothán An bothán ‘ bhí ag Fionnghuala Níl tada a’inne anseo Níl tada a’inne anseo Níl tada a’inne anseo Ghlacfadh sé tamall an tarraingt Dhá gcoinneodh na líntí dhúinn ‘S é oileán na mbothán, na mbothán Oileán na mbothán, na mbothán Oileán na mbothán, na mbothán An bothán ‘ bhí ag Fionnghuala
3.
Casadh an tSúgáin Do casadh cailín deas orm in uaigneas na dtrá Ar lúb na coille glaise uair bheag roimh lá ‘Sé an freagra a thug sí liom go ciúin agus go tláth: "Tá an saol 'na gcoladh, ‘s bogaimís an súisín bán!" 'S má bhíonn tú liom bí liom, a stóirín mo chroí 'S má bhíonn tú liom bí liom os comhair a' tí Má bhíonn tú liom, 's gur liom gach órlach ded' chroí ‘Sé mo léan le fonn nach liom Dé Domhnaigh tú mar mhnaoi! 'S chuirfinn ‘s threabhfainn 's chraithfinn an síol go domhain sa gcré 'S sheolfainn na beithí sna páirceanna is airde a fhásann féar Chuirfinn crú ar an each ba dheise 's ba lúfaire a shiúil riamh féar Ach d'éalódh bean le fear nach ndéanfadh é sin féin 'S má bhíonn tú liom bí liom, a stóirín mo chroí 'S má bhíonn tú liom bí liom os comhair a' tí Má bhíonn tú liom, 's gur liom gach órlach ded' chroí ‘Sé mo léan le fonn nach liom Dé Domhnaigh tú mar mhnaoi! 'S a rí na bhFeart, céard a chas sa dúiche seo mé? Faoi chlócaí dearga i bhfad óm' chairde Gael Ó do chuaigh mé isteach mar a raibh searc agus rún geal mo chléibh Chuir an tseanbhean amach ag casadh an tsúgáinín mé 'S má bhíonn tú liom bí liom, a stóirín mo chroí 'S má bhíonn tú liom bí liom os comhair a' tí Má bhíonn tú liom, 's gur liom gach órlach ded' chroí 'Sé mo mhíle chnoc nách liom Dé Domhnaigh tú mar mhnaoi!
4.
Molly na gCuach Ní Chuilleanáin Ar meisce ní théim níos mó Braon leanna go deo ní bhlaisfidh mé Ó chaill mé mo chailín beag óg A chuireadh i mo phócaí an t-airgead Is fada liom uaim í, uaim í Is fada liom uaim í ó d'imigh sí Is fada liom thíos agus thuas í Molly na gcuach Ní Chuilleanáin Déanfaidh mé tigh ar an ard Is beidh ceithre ba bainne breaca a’am Is ní ligfidh mé 'n duine dá gcomhair Ach Molly deas bhán Ní Chuilleanáin CÚRFA Dá mbeinnse i ndeacair an bháis Is na daoine a rá nach dtiocfainn as Ní dhéanfainn mo thiomna go brách Go dtiocfadh Moll bhán Ní Chuilleanáin CÚRFA Bhí mise lá ar an gcoill Is tharla dom soilse bhrádóige Dhéanfadh sí marbhán beo Nó buachaill deas óg den tseanduine CÚRFA
5.
6.
Siúil a Rún Siúil, siúil, siúil a rún, Siúil go socair agus siúil go ciúin, Siúil go doras agus éalaigh liom, ‘S go dté tú a mhúirnín, slán. I wish I was on yonder hill 'tis there I'd sit and cry my fill, And every tear would turn a mill, ‘S go dté tú a mhúirnín, slán. Siúil, siúil, siúil a rún, Siúil go socair agus siúil go ciúin, Siúil go doras agus éalaigh liom, ‘S go dté tú a mhúirnín, slán. I'll sell my rock, I'll sell my reel, I'll sell my only spinning wheel, To take away the sword of steel ‘S go dté tú a mhúirnín, slán. Siúil, siúil, siúil a rún, Siúil go socair agus siúil go ciúin, Siúil go doras agus éalaigh liom, ‘S go dté tú a mhúirnín, slán. Áááá... Siúil, siúil, siúil a rún, Siúil go socair agus siúil go ciúin, Siúil go doras agus éalaigh liom, ‘S go dté tú a mhúirnín, slán. Deir an stair gan misneach a bheith ’at, Ar an taobh seo den chloch deiridh. Ach uair sa saol, ardaíonn tonn fiáin na cóire chun na spéire go lonrach agus pósann an stair agus an dóchas. Mar sin, cuardaigh an t-athrú mara, ar an taobh thall den díoltas. Creid sa gcladach geall, nach bhfuil sé gcéin uainn. Creid sa bhfeart, creid sa tsíocháin, creid i dtobar an leighis, Creid. Siúil, siúil, siúil a rún, Siúil go socair agus siúil go ciúin, Siúil go doras agus éalaigh liom, ‘S go dté tú a mhúirnín, slán.
7.
An Poc ar Buile Ar mo ghabháil dhom siar 'ig Droichead Uí Mhóradha, Píce im dhóid 's mé ag dul i meithil, Cé casfaí orm i gcuma ceoidh, Ach pocán crón is é ar buile. Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile! Ailliliú, puilliliú, Ailliliú Tá an puc ar buile! 'S rith muid trasna trí ruilleogach, Is ghluais an comhrac ar fud na muinge, Is treascairt do bhfuair sé sna turtóga, Chuas ina ainneoin ina dhrom le fuinneamh. CURFÁ Níor fhág sé carraig go raibh scót ann, Ná gur rith le fórsa le mé a mhilleadh, 'S ansin do chaith sé an léim ba mhó, Le fána mhór na Faille Bríce. CURFÁ Bhí garda mór i mBaile an Róistigh, Is bhailigh fórsa le muid a chlipeadh, 'S bhuail sé rop dá adhairc sa tóin ann, 'S dá bhríste nua a sé giobail 's CURFÁ I nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna, Bhí an sagart paróiste amuigh 'nár gcoinnibh, Is é dúirt gurbh é an diabhal ba dhóigh leis, A ghabh an treo ar phocán buile.
8.
Mo Ghile Mear ‘Sé mo laoch mo Ghile Mear ‘Sé mo Chaesar, Ghile Mear, Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear. Seal da rabhas im’ mhaighdean shéimh, ’s anois im’ bhaintreach chaite thréith, Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan De bharr na gcnoc is i n-imigcéin. Bímse buan ar buairt gach ló, Ag caoi go cruaidh ’s ag tuar na ndeor Mar scaoileadh uaim an buachaill beó ’s ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón Ní labhrann cuach go suairc ar nóin Is níl guth gadhair i gcoillte cnó, Ná maidin shamhraidh i gcleanntaibh ceoigh Ó d’imigh sé uaim an buachaill beo.
9.
Óró ‘Sé do Bheatha Abhaile Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile Anois ar theacht an tsamhraidh. Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar, B'é ár gcreach thú bheith i ngéibheann, Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach, Is tú díolta leis na Gallaibh. Cúrfá… Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile, Óglaigh armtha léi mar gharda, Gaeil iad féin is ní Frainc ná Spáinnigh, Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh. Cúrfá… A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeicim, Mura mbím beo ina dhiaidh ach seachtain, Gráinne Mhaol 's a míle gaiscíoch… (ag fógairt fáin ar Ghallaibh.)
10.
Amhrán Mhuínse Dhá mbeinn trí léig i bhfarraige nó ar thalamh i bhfad ó thír Gan aon neach beo i mo ghaobhar ach an raithneach geal is fraoch; An sneachta dá shéideadh ó thuaidh ‘s ó dheas ‘s an ghaoth dá fhuadach dhíom Is mé a bheith ag comhrá le mo Teaimín Bán níorbh fhada liom an oíche. A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé, tá an geimhreadh anois an-ghann A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas an teach seo ‘s a bhfuil ann? Nach óg, a stór, a d'imigh tú, le linn na huaire breá, Le linn don chuach bheith ag gairm ceoil, ‘s gach duilliúr glas ag fás. Dhá mba thusa féin a d’imeodh agus mise fanacht beo, Thógfainnse do chlann duit an dá lá is bheidís beo. Shiúilfinn féin na Liberties agus páirt de Chontae an Chláir ‘S ní chuimhneoinn an fhad is mhairfinn aon fhear eile a chur in d’áit. Dhá mbeadh mo chlann sa mbaile agam an oíche a bhfaighinnse bás Thórróidís go fiúntach mé trí oíche agus trí lá. Bheadh na píopaí fada cailce ann, is na ceaigeanna is iad lán, Is bheadh triúr ban óg ó shléibhte le mé a chóiriú/chaoineadh os cionn cláir. Gearraí amach mo chóntra dhom, ó fhíor-ghealscoth na gclár, Má tá Seán Ó hEidhin i Maínis, bíodh sí déanta óna láimh; Bíodh mo ribín is mo chaipín inti istigh is iad go ródheas faoi mo cheann, A’s tabharfaidh Páidín Mór go Maínis mé nó is garbh a bheadh an lá. Ag gabháil anoir ag ínse Ghainimh dhom bíodh an brat againn sa gcrann, Ná cuir’í i Leitir Calaidh mé mar ní ann atá mo dhream; Ach tug’í siar go Maínis mé, san áit a gcaoinfear mé go breá, Beidh soilsí ar na dumhachannaí, ní bheidh uaigneas orm ann.

about

Cruth nua ar rogha amhrán ón traidisiún Gaelach a tháinig anuas 'ainn tríd na glúnta.

A new shape to a selection of songs from the Gaelic tradition that have come down through the generations.

credits

released February 24, 2023

Eagraithe ag Seo Linn.

Liricí traidisiúnta: Traiceanna 1, 3, 4, 6, 8, 9, 10
Foinn traidisiúnta: Traiceanna 1, 2, 3, 5, 6, 8, 9, 10

Aistriúchán Seo Linn: Traic 2 (ó Ghàidhlig na hAlban)
Eithne Ní Uallacháin (fonn): Traic 4
Dónal Ó Mulláin (liricí & ceol): Traic 7

---------
Arranged by Seo Linn.

Traditional lyrics: Track 1, 3, 4, 6, 8, 9, 10
Traditional melodies: Track 1, 2, 3, 5, 6, 8, 9, 10

Translation by Seo Linn: Track 2 (from Gàidhlig na hAlban)
Eithne Ní Uallacháin (melody): Track 4
Dónal Ó Mulláin (lyrics & melody): Track 7


---------
Seo Linn:
Stiofán Ó Fearail (glór & giotár)
Kev Shortall (bosca ceoil & glór)
Keith Ó Briain (dord, maindilín & glór)
Daithí Ó Ruaidh (pianó, sacs, sintéiseeoir & glór)

Ceoltóirí eile:
Conor Moore (drumaí & bodhrán): Traiceanna 1, 2, 4, 6, 7 & 9
Louis Younge (práis & fidil): Traiceanna 4, 7
Éanna Fahy (fidil): Traiceanna 3, 8

Taifeadadh:
Mick Heffernon: Traiceanna 1, 2, 4, 7
Ian O'Connor: Traiceanna 3, 5, 8, 10
James Darkin: Traiceanna 6, 9
Ben Wanders: Traic 4

Meascán:
James Darkin: Traiceanna 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9
Ian O'Connor: Traiceanna 3, 5, 8, 10

license

all rights reserved

tags

about

Seo Linn Limerick, Ireland

Ceathrar ag cruthú ceoil

New album 'Anuas' out 24th February

linktr.ee/seolinn

contact / help

Contact Seo Linn

Streaming and
Download help

Report this album or account

If you like Seo Linn, you may also like: